Óige

Bíonn Muintearas ag reachtáil go leor imeachtaí do dhaoine óga sna ceantair Gaeltachta idir chúrsaí, campaí samhraidh agus caitheamh aimsire.

Láinseáil Í-Ha



Leabhar scéalta agus dánta í leabhar nua Í Há atá foilsithe ag Muintearas agus a sheolfaidh Eibhlín Ní Chonghaile, Raidió na Gaeltachta, go hoifigiúil ar an Luan 10ú Nollaig 2012. Tháinig an saothar seo as ceardlainn a chuir Muintearas ar fáil mar chuid de chúrsa aistriúchán scoile don cheithre scoil seo a leanas:- S.N. Leitir Mealláin, S.N. na Trá Báine, S.N. Thír an Fhia, S.N. an Tuairín. Is cúrsa píolóiteach a bhí i gceist anseo. 30 gasúr ina iomláin a bhí páirteach. 8 rang a bhí i gceist agus suas le 40 nóiméad i chuile rang agus as sin a tháinig an saothar álainn seo. Siad Jackie Mac Donncha agus Caitríona Ní Chonaola a thug na ceardlanna sna scoileanna éagsúla.

 

Buíochas

Buíochas a glacadh le na múinteoirí a thug tacaíocht agus cead dúinn na ceardlanna a dhéanamh sna scoileanna, le Clíodhna Ní Churraídhín, atá ag obair linn anseo i Muintearas, as an obair iontach a rinne sí ag dearadh an leabhair seo agus le chuile dhuine eile a thug aon chúnamh ar bhealach ar bith.

Le haghaidh de chuid dena scéalta atá ar Í-ha a chloisteáil, cliceáil anseo