Scoileanna
Feidhmíonn Muintearas mar áisitheoir do scoileanna Gaeltachta agus scoileanna eile ar fud na tíre. Reachtáileann muid cúrsaí speisialta do ghasúir, cúrsaí oiliúna agus in-seirbhíse do mhúinteoirí, ranganna disléicse srl. Chomh maith leis sin, foilsíonn muid ábhar scoile agus cuireann muid an suíomh idirlín tobar.ie ar fáil mar áis thacaíochta do mhúinteoirí.