Folúntas

Oifigeach Forbartha Óige

Teideal
Oifigeach Forbartha Óige
Fád an Chonartha
Bliain
Láthair
Beidh an ról seo lonnaithe in oifig Thír an Fhia i nGaillimh.
Grád
€31,811
Spriocdháta
Dé Luain 14ú Meán Fómhair 2026

An Eagraíocht

Fís: Ag Cumasú Pobail, ag Cumasú Óige na Gaeltachta

Misean: Pobail bhisiúla Ghaeltachta a neartú agus pobal óg, fuinniúil a chothú trí rannpháirtíocht ghníomhach.

Tá láithreacht mharthanach cothaithe ag Muintearas ag freastal ar phobail Ghaeltachta ar fud na hÉireann le níos mó ná dhá scór bliain anuas. Cuimsíonn a phunann seirbhíse cuimsitheach oideachas luathóige, oiliúint agus meantóireacht ghairmiúil, forbairt fiontair shóisialta, cláir oideachais, tionscnaimh forbartha pobail, agus seirbhísí obair óige. Mar chomhlacht riaracháin ainmnithe, bainistíonn Muintearas clár Campaí Samhraidh Gaeltachta agus oibríonn sé Scéim na gCúntóirí Teanga faoi choimisiúin ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. Chomh maith leis sin, seachadann Muintearas cláir obair óige feadh na gceantar Gaeltachta aitheanta uile trí chomhordú agus tacaíocht líonra bunaithe clubanna óige pobalbhunaithe, a bhfuil go leor díobh ag freastal ar a bpobail áitiúla le fada. Feidhmíonn Muintearas mar fhochuideachta de chuid Údarás na Gaeltachta, arna struchtúrú mar chuideachta faoi theorainn ráthaíochta. Feidhmíonn an eagraíocht faoi mhaoirseacht straitéiseach Bhord Stiúrthóirí neamhspleách, le foireann bhainistíochta tiomnaithe chun oibríochtaí laethúla a bhainistiú.

An Ról

Is ról lárnach é seo in obair Muintearas. Beidh ról lárnach ag an té a cheapfar ag forbairt gnéithe a bhaineann le scéimeanna óige na heagraíochta chomh maith le tacaíocht forbartha ghinearálta.

Cúraimí an phoist

  • Forbairt ar scéimeanna óige na heagraíochta (ina measc Clubanna Óige, UBU, agus tograí/imeachtaí óige atá faoi chúraim Mhuintearas).
  • Tacú le seirbhísí óige agus clubanna óige a bhunú.
  • Tacaíocht a thabhairt don phobal freastal ar an óige de réir éilimh.
  • Freastal ar chlubanna óige cláraithe le Muintearas go seachtainiúil i rith uaireanta oscailte na gclubanna.
  • A bheith ar fáil go rialta chun uaireanta frithshóisialta a oibriú (tráthnónta agus ag an deireadh seachtaine) de réir mar is gá chun tacú le gníomhaíochtaí agus imeachtaí na gclubanna.
  • Imeachtaí óige a reáchtáil go réigiúnach agus náisiúnta.
  • Seirbhís eagrúcháin, riaracháin agus eolais a chur ar fáil do chlubanna/eagraíochtaí óige.
  • Cúrsaí oiliúna agus oideachais a eagrú do na clubanna, oibrí óige, agus na hoibrithe deonach.
  • Tacú le clubanna mionú agus deontais a fháil agus a riaradh.
  • Próiseáil ar shonraí agus tacaíocht don rannóg airgeadais maidir le híocaíochtaí.
  • Aiseolas ó chlubanna agus fostaithe, tacú le monatóireacht agus ardchaighdeán a bhaint amach
  • Páirt a ghlacadh i bhforbairt ghairmiúil leanúnach.
  • Gnéithe a bhaineann leis an straitéis óige agus imeachtaí tacaíochta a riar

Caidreamh Inmheánach atá mórthábhachtach maidir leis an ról: Bainisteoir Óige, Comhordaitheoir Óige, Oifigeach Forbartha Óige Dhún na nGall.

Nithe atá riachtanach don phost seo

Teacht i láthair taitneamhach, urlabhra shoiléir agus ardchumas eagrucháin agus cumarsáide atá ag teastáil don phost seo.

  • Scileanna láidre eagrúcháin, agus bainistiú ama.
  • Sárscileanna cumarsáide agus idirphearsanta.
  • Taithí mhaith ar chúrsaí riaracháin agus ríomhaireachta (ard-tuiscint ar Excel, MS Office agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa).
  • A bheith abálta dea-chaidreamh a chruthú le comhghleacaithe agus páirtithe seachtracha.
  • A bheith abálta feidhmiú go muiníneach agus go héifeachtach as do stuaim féin, agus le foireann.
  • Inniúlacht sa Bhéarla agus sa Ghaeilge araon.

Tá Muintearas tiomanta don éagsúlacht ina lucht saothair agus fáiltíonn roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu.

Is fostóir comhionannais deise é Muintearas agus déantar iarratais cáilithe a mheas gan beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí sóisialta, cine ná eitneacht, éagumas, stádas sibhialta ná teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil.

Táimid tiomanta do thimpeallacht thacúil oibre a sholáthar agus táimid sásta socruithe réasúnta a chur i bhfeidhm lena chinntiú gur féidir le gach iarrthóir páirt iomlán a ghlacadh sa phróiseas iarratais agus agallaimh.

Is í an Ghaeilge teanga oibre Muintearas. Tá socrucháin solúbtha oibre i bhfeidhm ag Muintearas.

Iarratas

Iarrtar ar iarratasóirí CV agus litir chumhdaigh a sheoladh chuig oige@muintearas.com.

Spriocdháta: Dé Luain 14ú Meán Fómhair 2026.